Aontas Máistrí Poist na hÉireann

Aontas Máistrí Poist na hÉireann

Ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar an bhfeachtas atá á reáchtáil ag Aontas Máistrí Poist na hÉireann, nó the Irish Postmasters’ Union. Bhuail mé le hionadaithe an cheardchumainn i bPort Láirge an tseachtain seo agus cé gur luaigh siad na fadhbanna atá acu, luaigh siad freisin na réitithe ar na fadhbanna sin. Tuigimid go léir an ról tábhachtach agus lárnach atá ag oifigí poist inár bpobail tuaithe agus i bpobail uirbeacha araon, agus an caillteanas ollmhór a bheadh ann dá gcaillfí an gréasán sin. Tá dúshlán le sárú ag na hoifigí poist ina múnlú maoinithe agus aithníodh na dúshláin sin go maith i dtuarascáil Grant Thornton. Tá an ceardchumann ag moladh go maoinítear an tseirbhís trí choimeádán nó retainer, rud a ligfeadh dóibh réimse níos leithne de sheirbhísí Stáit a chur ar fáil. An rachaidh an Rialtas i dteagmháil leis an gceardchumann chun réiteach a fháil ar mhaoiniú do líonra na n-oifigí poist amach anseo?


An Taoiseach

Bheadh an Rialtas sásta déileáil leis an gceardchumann ó thaobh na ceiste seo agus todhchaí na n-oifigí poist. Is léir go bhfuilimid sásta seirbhísí a leathnú amach. Mar aon leis sin, tá dúshláin an-mhór ann don todhchaí. Níl aon amhras faoi sin. Tá fonn orainn níos mó seirbhísí ón Stát a chur ar fáil, go háirithe in áiteanna iargúlta ar fud na tíre, agus táimid sásta déileáil leis an gceardchumann chun na ceisteanna sin a phlé.