Gníomhú ar son na hAeráide

Gníomhú ar son na hAeráide

D’fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas a thacófar le hathrú aeráide agus le hoiriúnú aeráide sna réigiúin Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8501/23]

I have to mention that there is a Waterford film at the Oscars as well and not only one from Achill. Beidh a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil dúshlán faoi leith do mhuintir na tuaithe, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na n-oileán maidir lena gcuid astaíochtaí a laghdú. Conas a thacófar le hathrú aeráide agus le hoiriúnú aeráide sna réigiúin Ghaeltachta chun na deacrachtaí áirithe seo a leigheas?

Deputy Patrick O’Donovan

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbartha pobail sa Ghaeltacht, ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis agus ó thaobh an údaráis féin mar eagraíocht.

Ó fógraíodh An Ghaeltacht Ghlas mar chuid de straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-26, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá tús curtha ag an údarás le forbairtí fótavoltacha pobail i nGaoth Dobhair, ar An gCeathrú Rua agus ar pháirceanna gnó na heagraíochta. Tá béim níos mó á cur in 2023 ar thacaíochtaí do chliantchomhlachtaí Gaeltachta chun céimeanna a thógáil ó thaobh cúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athraithe aeráide de. Tá ráite ag an údarás go leanfar freisin ag tacú le Calafort Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe a fhorbairt mar láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Aithníonn an t-údarás go bhféadfadh Calafort Ros an Mhíl a bheith ina acmhainn luachmhar don Stát agus foinsí fuinnimh in-athnuaite á bhforbairt san Atlantach ar bhonn eischósta.

Anuas air sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an údarás ar a stoc maoine chun an stoc sin a thabhairt suas chun caighdeáin i dtaobh ghnóthaí fuinnimh agus chun pointí luchtaithe do charranna leictreacha á gcur in áit ar pháirceanna gnó de chuid na heagraíochta. Tá tograí bithéagsúlachta agus bitheacnamaíochta á mbeartú ag an údarás chomh maith i gcomhar le heagrais forbartha pobail i gceantair éagsúla Gaeltachta, in éindí le bheith rannpháirteach i dtograí éagsúla a bhaineann leis an gclár dar teideal LIFE de chuid an Aontais Eorpaigh. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Deputy Marc Ó Cathasaigh

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Aontaím go bhfuil deis ollmhór i gceantair Ghaeltachta ó thaobh fuinnimh in-athnuaite ach tá a fhios againn go léir go mbeidh an próiseas dícharbónaithe níos dúshlánaí ar cheantair áirithe. Ag féachaint ar na ceantair Ghaeltachta, mar gheall ar nádúr scaipthe na tithíochta atá ann, beidh dúshlán faoi leith ag baint le dícharbónú córas iompair. Tá dea-shampla againn i nGaeltacht na nDéise sa Local Link atá ann. Tá seirbhís beagnach gach uair an chloig ansin. Ar na hoileáin, is bac ollmhór atá ann ó thaobh an dícharbónaithe ná an costas breise a bhaineann le tithe ar na hoileáin a iarfheistiú. Bhí an Teachta Christopher O’Sullivan ann nuair a bhí muintir na n-oileán istigh linn san audiovisual room le déanaí. Tá costas breise ag baint leis an rud sin ar na hoileáin. Conas a rachaimid i ngleic leis an gcostas sin?

Deputy Patrick O’Donovan

Is ar an údarás atá an fhreagracht maidir leis na ceisteanna sin. Tá an t-údarás i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid maoine chun caighdeáin éifeachtacha a chinntiú. Tá sé curtha in iúl ag an eagraíocht freisin go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, mar a dúirt mé, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbairtí pobail ar na hoileáin agus sna Gaeltachtaí ar fad agus ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis.

Deputy Marc Ó Cathasaigh

Is cinnte go bhfuil ról faoi leith ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh na ndúshlán seo ach ní féidir linn a bheith siloed laistigh de na Ranna éagsúla. Bheadh sé oiriúnach dúinn labhairt leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, agus a rá leis go bhfuil sé níos costasaí a leithéid d’iarfheistiú a dhéanamh ar na hoileáin agus go bhfuil sé níos dúshlánaí seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta toisc go bhfuil an tithíocht atá ann scaipthe. Caithfimid níos mó infheistíochta a dhéanamh sna seirbhísí sin sna ceantair. Dúirt mé go bhfuil eiseamláir mhaith againn i nGaeltacht na nDéise. Caithfimid an sórt infheistíochta sin a dhéanamh i gCiarraí, i nGaillimh, i nDún na nGall agus i ngach uile áit a bhfuil Gaeltacht ann.

Deputy Christopher O’Sullivan

I would like to back up Deputy Ó Cathasaigh with regard to the experience on Cléire, especially with regard to housing. It is a big issue on Cape Clear and on all of our islands. We need innovative bespoke solutions for housing on the islands. A very innovative approach was used on the western islands of Scotland. It is referred to as gateway housing. It is essentially a type of social housing that gave people, perhaps young families, the opportunity to experience island life and to give them a taste of it so that they could find out whether it was for them. They then had the opportunity to rent or purchase on the island. It is a very innovative approach. It led to a repopulation of many of the western islands off Scotland. It is something we need to look at.

Deputy Mairéad Farrell

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cathasaigh as an ábhar seo a ardú. Tá rud amháin a chaithfidh mé a rá. Nuair atá mise ag déileáil leis na hoileáin agus cúrsaí tithíochta sna hoileáin, tá sé dochreidte cé chomh dona is atá sé faoi láthair, ach go háirithe i dtéarmaí cúrsaí pleanála. Is minic a fheicim ar na hoileáin go ndeirtear linn nach bhfuil daoine in ann pleanáil a fháil mar nach bhfuil nasc acu leis an áit, cé go bhfuil siad ina gcónaí ann an t-am ar fad agus ag obair ann. Tá fadhb mhór againn. Ansin tá na tithe folmha atá ar na hoileáin mar go bhfuil daoine ina gcónaí thar lear. Is leo na tithe seo agus níl na daoine áitiúla in ann teacht ar thithíocht. Is fadhb atá i gcúrsaí tithíochta ar na hoileáin freisin.

Deputy Patrick O’Donovan

Maidir leis an bplean dar teideal An Ghaeltacht Ghlas, beidh seans ag an údarás labhairt le gach Roinn a bhfuil suim aici san ábhar sin ach freisin leis an bpobal agus iad ag plé an phlean. Returning to Deputy Christopher O’Sullivan’s question, housing policy on the islands is not just an issue specific to the Gaeltacht islands, but to the islands in general. Officials in the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media have recently had discussions with officials in the Department of Housing, Local Government and Heritage on the wider issue of housing policy. I can update the Deputy on it later.

Údarás na Gaeltachta

D’fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas atá sé i gceist aici cothromaíocht inscne agus cothromas a chaomhnú ar bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise na moltaí reachtaíochta nua chun toghcháin don chomhlacht a athbhunú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8500/23]

Baineann an cheist seo le toghcháin d’Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit conas atá sé i gceist aige cothromaíocht inscne agus cothromas a chaomhnú ar bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise na moltaí reachtaíochta nua.

Deputy Patrick O’Donovan

Faoi réir chinneadh an Rialtais roimh an Nollaig, aontaíodh gur próiseas toghcháin agus roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin agus roghnúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair mar a bhaineann sé leis an gcaoi a gceaptar bord Údarás na Gaeltachta. Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, atá á bheartú, is bord de 16 duine in áit 12 a bheidh ann nuair atá saolré an chéad bhoird eile caite ag deireadh 2024. Faoin leasú reachtaíochta, in áit seachtar a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann cúrsaí, mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, toghfar deichniúr thar ceann na gceantar Gaeltachta agus ceapfar an seisear eile de thoradh comórtas poiblí. Ar nós mar atá i bhfeidhm faoi láthair, is í nó é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach an bhoird.

Tá ceannteidil an Bhille seolta ag mo Roinn le gairid chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh scrúdú réamhreachtach. Mar chuid den scrúdú sin, tá iarrtha agam ar an gcoiste scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin nó toghcháin, i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird Stáit.

Maidir leis an mbord a bheidh i bhfeidhm idir seo agus tús 2025, d’fhógair mé le gairid go bhfuil seachtar den 12 duine a bheidh ar an mbord i ndeireadh báire ceaptha anois. Fágann sé seo go bhfuil córam ag an mbord reatha agus go bhfuil an eagraíocht in ann feidhmiú mar is gnáth. Is fir uilig iad siúd a d’ainmnigh na húdaráis áitiúla agus is mná iad an bheirt atá athcheaptha agam féin agus ag an Aire.

Deputy Marc Ó Cathasaigh

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Ceann de na fáthanna a raibh daoine i bpobal na Gaeilge diongbháilte go bhfillfí ar thoghcháin d’Údarás na Gaeltachta ná chun guth an phobail sin a chur i gcroílár an phróisis cinnteoireachta inár gceantair Ghaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na cruinne agus ar fud na tíre. Leis sin, ní mór dúinn a chinntiú nach díreach réigiún tíreolaíochta atá i gceist leis an ionadaíocht seo ach go mbeadh dearcthaí éagsúla le cloisteáil ar an mbord agus eispéireas éagsúil freisin. Ba chóir go mbeadh máithreacha, seanaithreacha agus seanmháithreacha laistigh den phróiseas sin agus go mbeadh dearcthaí éagsúla ann. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh deichniúr tofa. An mbeidh aon chuóta inscne ag baint leis an deichniúr sin nó leis an seisear atá le ceapadh ag an Aire?

Deputy Patrick O’Donovan

Cosúil leis na toghcháin áitiúla, toghcháin na Dála agus toghcháin na hEorpa, beidh cuóta inscne ar na páirtithe a ghlacfaidh páirt sa toghchán. Maidir leis an gcéad cheist a chur an Teachta, beidh an toghchán ar siúl in 2024. Maidir leis an méid a dúirt mé níos luaithe, tá duine den bheirt bhan atá ceaptha agam ceaptha mar chathaoirleach go dtí go mbeidh an chuid eile den bhord réidh le ceapadh tar éis an comórtas poiblí atá beo go dtí an 2 Márta. Faoin gcomórtas sin tá an deis ag an bpobal, idir mhná agus fir, a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord. Tá súil agam go dtapóidh mná an deis agus an seans a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord seo, agus, go deimhin, ar na boird a bheidh le ceapadh in am tráth nuair a thagann an reachtaíocht leasaithe i bhfeidhm.

Deputy Marc Ó Cathasaigh

Aithním go bhfuil jab deacair le déanamh ag an Aire Stáit. Caithfidh sé a chinntiú go mbeidh guthanna éagsúla ó na ceantair éagsúla ar an mbord, ní hamháin ón nGaeltacht ollmhór sin i gContae na Gaillimhe ach fós féin na Gaeltachtaí beaga cosúil le Gaeltacht na nDéise atá againn i bPort Láirge. Leis sin, caithfimid a chinntiú freisin go bhfuil guthanna éagsúla ann ó thaobh an experience atá ag daoine sa saol agus go mbeadh cothromaíocht inscne ann freisin. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh cothromaíocht inscne ann ó thaobh na n-iarrthóirí. Aithním é sin agus cuirim fáilte roimhe. Mar a dúirt mé, ní jab éasca atá le déanamh ag an Aire Stáit chun an balance cuí a fháil sa toghchán seo.

Deputy Aengus Ó Snodaigh

Tapóidh mé an deis seo, mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, chun a rá go bhfuil próiseas réamhreachtach ar siúl agus tá mé ag súil go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht dúinn sa mhéid atá á dhéanamh againn. I gceann cúpla seachtain beimid ag lorg aighneachtaí ón bpobal agus iad siúd a bhfuil spéis acu sna ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta Ó Cathasaigh, sé sin, ceisteanna faoi inscne agus conas gur féidir linn déileáil leo sin ó thaobh na dtoghchán seo. Beidh sé deacair ach ní hamháin sin, tá ceisteanna eile gur chóir dúinn díriú isteach orthu sa chaoi gur féidir linn treoir nó smaointe a chur faoi bhráid na nAirí agus iad ag cur na reachtaíochta le chéile ina iomláine. Má tá daoine ag éisteacht leis an gcomhrá seo nó á léamh, tá súil agam go dtabharfaidh siad tacaíocht dúinn agus go gcuirfidh siad a dtuairimí os ár gcomhair sa chaoi gur féidir linn é seo a phlé. Tá sé i gceist ag an gcoiste déileáil leis seo chomh tapa agus is féidir in Aibreán sa chaoi go mbeidh an seans ag an Aire Stáit an reachtaíocht a rith agus sa chaoi go mbeidh an toghchán againn an bhliain seo chugainn.

Deputy Patrick O’Donovan

Tá mé buíoch de na Teachtaí. Mar a dúirt mé cheana féin, beidh deis againn nuair atá mé ós comhair an choiste an rud sin a phlé. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh na toghcháin ar siúl in 2024. Cuireann an Teachta Ó Cathasaigh ceist an-thábhachtach ós ár gcomhair anocht; is é sin cothromaíocht inscne a bheith an mbord. Beidh sé sin deacair, go deimhin, ach ba chóir dúinn go léir, sna páirtithe éagsúla sa Dáil, ár ndícheall a dhéanamh le déileáil leis an gceist sin agus ceisteanna faoi thaithí na ndaoine a mbeidh mar bhaill de bhord Údaráis na Gaeltachta freisin. Beimid in ann na ceisteanna sin a phlé sa choiste.