Tithíochta sa Ghaeltacht

Tithíochta sa Ghaeltacht

Bhí Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag plé cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht leis an Aire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag cruinniú an Chomhchoiste, Dé Céadaoin, an 26 Eanáir 2022.

Thug an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, cuairt an-fháilte ar an gCoiste Gaeilge an tseachtain seo le plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le tithíocht imleor agus oiriúnach a sholáthar i gceantair Ghaeltachta.

D’fhiafraigh mé faoi spriocanna ar leith a bhain le hinniúlacht teanga agus faoi mholtaí i nGaeltacht na nDéise chun tithíocht inacmhainne agus pobalbhunaithe a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais an phobail.

Tá an tras-scríbhinn iomlán anseo.